Léirítear sásamh i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu go bhfuil "méadú suntasach ag teacht ar an bhfógraíocht a dhéanann eagraíochtaí stáit trí Ghaeilge ar na meáin chumarsáide éagsúla".
Deirtear sa tuarascáil go bhfuil baint ag an méadú seo leis an bhfeachtas feasachta náisiúnta a reáchtáil Oifig an Choimisinéara Teanga maidir le reachtaíocht nua teanga.
Toradh dearfach ar Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 is ea an méadú ar fhógraíocht i nGaeilge, dar leis an gCoimisinéir Teanga Séamas Ó Concheannain.
Tugtar le fios sa tuarascáil bhliantúil freisin gur 634 gearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga in 2023, ar ardú 6% é ón mbliain roimhe sin.
Ba le gealltanais a bhí tugtha ag eagraíochtaí stáit ina gcuid scéimeanna teanga reachtúla a bhain 39% díobh, a deirtear.
Maítear leis go léiríonn líon agus cineál na ngearán easnaimh shuntasacha atá sa soláthar reatha do sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge.
I measc na n-easnamh is tromchúisí, a deirtear, tá easpa foirne le hinniúlacht chuí sa Ghaeilge le croísheirbhísí poiblí a sholáthar.
Tarraingítear aird go háirithe ar an easpa seirbhísí teileafóin agus cuntair ar ardchaighdeán trí Ghaeilge agus ar agus an éagothromaíocht "as cuimse" idir an freastal a dhéantar trí Bhéarla ar an bpobal trí sheirbhísí teicneolaíochta ar líne i gcomparáid leis "an lagfhreastal bearnach" trí Ghaeilge.
Go deimhin, léirigh imscrúduithe foirmiúla a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ar An Post "na bearnaí reatha maidir le seirbhísí teicneolaíochta agus idirghníomhacha ar líne trí Ghaeilge".
"Léiríonn an líon an-ard gearán a bhaineann le scéimeanna teanga eagraíochtaí stáit an géarghá atá ann córas nua na gcaighdeán teanga, atá le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga, a thabhairt i bhfeidhm", arsa Séamas Ó Concheanainn.
Táthar dóchasach go mbeidh córas nua na gcaighdean teanga níos cumhachtaí agus níos iontaofa ná na scéimeanna teanga maidir leis na croísheirbhísí.
De réir na tuarascála bliantúla, tá "méadú 140% tagtha ar líon na gcásanna inar roinneadh comhairle le heagraíochtaí stáit faoina ndualgais reachtúla teanga le dhá bhliain anuas".
Os a choinne sin, is dul chun cinn atá ann gur "léirigh faireachán ar 18 Roinn Stáit i gcaitheamh 2023 leibhéal ard géilliúlachta maidir le caighdeán na bhfógairtí taifeadta béil a bhí á n-úsáid acu ar a gcórais teileafóin".
Go ginearálta, deir Séamas Ó Concheanainn nach mór "athshamhlú a dhéanamh ag an tráth seo ar sheachadadh seirbhísí poiblí an Stáit trí Ghaeilge".
"Tá dlús criticiúil foirne le Gaeilge mhaith i gcomhlachtaí poiblí ag teastáil", arsa sé, "ionas go mbeidh muinín an phobail teanga i seirbhísí poiblí trí Ghaeilge".
"Ba chóir molchampais sheirbhísí poiblí a fhorbairt i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht, i Líonraí Gaeilge agus i lárionaid Ghaeilge i gcathracha le líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú.
"Rachadh na molchampais go mór i ngleic le cuid de na baic a bhíonn ar phobal na Gaeilge teacht ar sheirbhísí poiblí ar ardchaighdeán trí Ghaeilge go laethúil".
Thagair an Coimisinéir Teanga freisin don Phlean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí trí Ghaeilge a fhoilseofar níos deireanaí i mbliana a mbeidh tábhacht ar leith ag baint leis, dar leis.
"Tá sé riachtanach go leagfaidh an Plean Náisiúnta amach cosán soiléir trína dtiocfaidh feabhas suntasach ar chaighdeán agus ar líon na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge", a dúirt sé.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ