skip to main content

Vacsaín Covid-19 tarraingthe siar ag AstraZeneca 'ar chúiseanna tráchtála'

Vaxzevria tarraingthe siar ag AstraZeneca
Vaxzevria tarraingthe siar ag AstraZeneca

Tá an comhlacht cógaisíocha AstraZeneca tar éis an vacsaín Covid-19 a dhéanaidís a tharraingt siar ón margadh domhanda.

Dúirt AstraZeneca go bhfuil farasbarr vacsaíní níos forbartha ann ó tháinig deireadh leis an bpaindéim agus gur ar chúiseanna tráchtála a rinne siad an cinneadh a vacsaín féin – Vaxzevria – a tharraingt siar.

Dhearbhaigh an comhlacht nach bhfuil an t-éileamh céanna anois ar Vaxzevria agus a bhíodh agus go bhfuil siad éirithe as an vacsaín a dhéanamh agus a sholáthar cheana féin.

Maíonn AstraZeneca gur shábháil an vascaín beatha 6.5 milliún duine sa chéad bhliain i ndiaidh dóibh é a chur ar an margadh.

Tuairiscítear go bhfuil sé admhaithe i gcáipéisí dlíthiúla ag an gcomhlacht, áfach, go bhféadfadh téachtadh fola agus fo-iarsmaí nach é teacht ar dhaoine a chaitheann an vacsaín, cé gur fíorannamh é.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ