Bhásaigh buachaillín aon bhliain d'aois tar éis do ghluaisteán é a bhualadh i gCo an Chláir go gairid roimh am lóin inniu.
Tharla an tubaiste i gceantar cónaithe ar Bhóthar Chuinche ar chiumhais thoir bhaile Inse ag thart ar 12.30.
Tugadh an buachaill chuig Ospidéal Ollscoile Luimningh, áit ar bhásaigh sé tamall gearr ina dhiaidh sin.
Tá saineolaithe an Gharda Síochána le scrúdú teicniúil a dhéanamh ar láthair na tubaiste tráthnóna.
Tá oifigeach idirchaidrimh ceaptha ag na Gardaí le tacaíocht a thabhairt do theaghlach an bhuachalla.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ