Áirítear anois gur 100 puball atá curtha suas ag iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta le hais na Canálach Móire i lár Bhaile Átha Cliath ó thús an deireadh seachtaine seo caite.
Tá líon na bpuball idir Droichead Shráid an Mhóta agus Droichead Huband ag dul i méid ón Aoine seo caite, dhá lá tar éis do na húdaráis pubaill a bhí curtha suas taobh amuigh den Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta cúpla céad méadar suas an bóthar a ghlanadh as an mbealach.
Aistríodh na hiarrthóirí tearmainn a bhí ina gcónaí sna pubaill sin ar Shráid an Mhóta Íochtarach go dtí ionad faoi dhíon in Iarthar na Cathrach agus go dtí pubaill shainchóirithe ar shuíomh i gCnoc Slinne in iardheisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.
Mar sin féin, tá 1,710 fear a tháinig isteach sa Stát ón Nollaig seo caite agus a d'iarr tearmann in Éirinn, tá siad fós ag fanacht le lóistín a fháil ón Stát. Tá 150 fear a tháinig go hÉirinn le seachtain ina measc.
Inné, thug an Taoiseach Simon Harris le fios go raibh gníomhaireachtaí éagsúla ag teacht le chéile le dul i ngleic leis an scéal.
Dúirt sé nach ligfí do dhaoine fanacht i bpubaill taobh leis an gCanáil Mhór mar a rinne siad ar feadh na míonna ar Shráid an Mhóta Íochtarach.
Tá daoine áitiúla ag iarraidh ar an Rialtas an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta a lonnú taobh amuigh de lár Bhaile Átha Cliath.
Dar leo gur léir nach féidir leis an oifig an líon mór daoine atá ag teacht chun na háite a láimhseáil, de cheal na saoráidí cuí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ