Tugadh fear 47 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Dhún Dealgan i gCo Lú inniu agus é cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar thriúr ban ar an mbaile sin Dé hAoine seo caite.
Sin é Nicholas Muckian as Coill an Ghleanna i nDún Dealgan a bhfuil sé curtha ina leith gur ionsaigh sé an triúr ban agus go ndearna sé díobháil dóibh ar an 3 Bealtaine 2024.
Tá sé cúisithe freisin ar an gceathrú duine a imeaglú le tua.
Ní dhearnadh aon iarratas ar bhannaí agus cuireadh Nicholas Muckian siar faoi choinneáil go ceann seachtaine.
D'ordaigh an Breitheamh Éirinn McKiernan cóireáil leighis a chur ar an gcúisí go práinneach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ