skip to main content

Easpa foirne in ospidéil idir chamáin ag comhdháil altraí

Phil Ní Sheaghdha, Ard-Runaí Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann
Phil Ní Sheaghdha, Ard-Runaí Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann

Easpa foirne in ospidéil agus an cosc ar earcaíocht is cúis cuid mhaith leis an mífheidhmiúlacht atá sa chóras sláinte, dar le Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann.

Tá ionadaithe an chumainn tagtha le chéile dá gcomhdháil bhliantúil atá ar siúl i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo.

Inniu, agus tús á chur leis an gcomhdháil, dúradh go gcreideann 92% d'altraí go bhfuil othair á gcur i mbaol ag an easpa foirne in ospidéil.

Tugadh le fios freisin gur chuimhnigh líon suntasach altraí ar éirí as a bpost mar gheall ar an strus atá orthu san ionad oibre.

Tá os cionn 350 toscaire le thart ar 50 rún a phlé ag an gcomhdháil as seo go ceann trí lá.

I measc na rún, moltar íosleibhéal foirne a thabhairt isteach; figiúirí cruinne a fhoilsiú maidir leis an líon daoine atá ag fanacht le leaba ó lá go lá; agus gan glacadh dá laghad a bheith leis na hionsaithe a dhéantar ar altraí.

Moltar freisin na huaireanta oibre a chuireann altraí isteach a laghdú ó 37.5 to 35 uair sa tseachtain.

Dúirt Ard-Runaí Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann, Phil Ní Sheaghdha, nár mhór don Rialtas agus d'Fheidmheannacht na Seirbhíse Sláinte na leasuithe cuí a thabhairt isteach sula dtiocfaidh laghdú tubaisteach ar an líon altraí ar mian leo obair in Éirinn.

Tá súil ag na haltraí freisin go dtabharfar tuilleadh cumhachtaí don Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte chun gníomhú agus chun dul i ngleic le fadhbanna sna hospidéil le hais a bhfuil de chumhachtaí ag an údarás sin i láthair na huaire.

Tabharfaidh an tAire Sláinte Stephen Donnelly óráid ag an gcomhdháil i bPáirc an Chrócaigh ar maidin Dé hAoine.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ