skip to main content

Lasta mór buamaí coinnithe siar ó Iosrael ag Rialtas Mheiriceá

Rafah, 8 Bealtaine 2024
Rafah, 8 Bealtaine 2024

Tuairisíctear gur choinnigh na Meiriceánaigh siar lasta mór buamaí a bhí siad le seoladh chuig Iosrael an tseachtain seo caite de bharr a míshásaimh le rún na nIosraelach mórionradh a dhéanamh ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza.

Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden agus ceannairí idirnáisiúnta eile ag achainí ar na hIosraelaigh le roinnt seachtainí gan leanúint ar aghaidh leis an ionradh ar Rafah a bhfuil barr ar mhilliún teifeach Palaistíneach pulctha isteach ann.

Tá sé tugtha le fios ag oifigeach ó Rialtas na Stát Aontaithe gur coinníodh siar 1,800 buama a bhfuil 2,000 punt meáchain iontu agus 1,700 buama a bhfuil 500 punt meacháin iontu, cé nach bhfuil dada ráite faoin scéal go hoifigiúil ag Joe Biden.

Dar leis an oifigeach gur thosaigh na Stáit Aontaithe ag déanamh athbhreithniú ar airm áirithe a sheoladh chuig na hIosraelaigh i dtús an Aibreáin, buamaí móra a d'fhéadfaidís a úsáid in Rafah thar aon airm eile.

Mar sin sin féin, dhearbhaigh an t-oifigeach nach raibh cinneadh deiridh déanta maidir leis an lasta buamaí atá coinnithe siar.

Ina cheann sin, dúradh i ráiteas ó Rialtas na Stát Aontaithe nach raibh aon pholasaí ann gan airm a sheoladh chuig na hIosraelaigh.

Arú inné, ghabh fórsaí míleata Iosrael seilbh ar an bpríomhbhealach trasteorann idir Rafah agus an Éigipt agus iad ag fáil faoi réir, is cosúil, le ruathar a thabhairt faoin gcathair.

Tá sé ráite ag Hamas ar maidin inniu go bhfuil a gcuid comhraiceoirí i dtreis le saighdiúirí Iosraelacha in oirthear na cathrach ach deir daoine áitiúla gur ar imeall na cathrach atá an chogaíocht ar bun i gcónaí.

Creidtear go dtabharfar ár na bPalaistíneach agus go mbeidh géarchéim dhaonnúil uafásach ann má leanann na hIosraelaigh ar aghaidh leis an ionradh ar Rafah.

Tá 35,000 duine maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza ón bhfómhar seo caite, gan trácht ar na daoine a leonadh ná ar na milliúin atá fágtha gan riar a gcáis mar gheall ar an lomscrios atá déanta ann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ