skip to main content

Triúr a gabhadh maidir le dúnmharú Josh Itseli scaoilte saor

Josh Itseli
Josh Itseli

Tá triúr a gabhadh maidir le dúnmharú fir óig i mBaile Átha Cliath go moch ar maidin Dé Luain seo caite scaoilte saor ag na Gardaí gan aon chúis a bheith curtha ina leith.

Bhí veisteanna piléardhíonacha á gcaitheamh ag an triúr a gabhadh i nDroimeanach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath in aice leis an áit ar lámhachadh agus ar maraíodh Josh Itseli a bhí fiche bliain d'aois.

Sna fichidí atá beirt den triúr agus déagóir atá sa duine eile.

Scaoileadh saor aréir iad agus tá comhad le cur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí maidir lena gcás.

Mangaire drugaí ab ea Josh Itseli a bhí os comhair cúirte faoi chócaon a sholáthar i nDroimeanach.

Creideann na Gardaí gur maraíodh é mar chuid d'aighneas idir ghrúpaí coireachta.

Fuair na Gardaí raidhfil AR-15 agus buama píopa gar do láthair an ionsaí lámhaigh, agus thóg siad trí ghluaisteán agus gluaisrothar leictreach freisin.

Tá siad fós ag iarraidh teacht ar an té ar leis an gluaisrothar.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ