skip to main content

"An locht ar cheimiceáin" san ionad nua cóireála uisce cois Laoi

Ní tae atá sa gcupán seo i gCathair Chorcaí ach uisce reatha ón sconna.
Ní tae atá sa gcupán seo i gCathair Chorcaí ach uisce reatha ón sconna.

Tá tús curtha ag Uisce Éireann inniu leis an nglanadh mór atá le déanamh ar an gcóras píopaí uisce i gcathair Chorcaí.

Tá go leor ag clamhsán le scaithe faoin dath donn atá ar an uisce ag teacht as na sconnaí i dtithe cónaithe.

Is é John Ó Ríordáin ón bhfeachtas sóisialta 'Sos Lóin' a tharraing aird ar dtús ar an ábhar nuair a chroch sé grianghraif den uisce donn ar na meáin shóisialta.

Deir sé nach ndearna aon duine ó Uisce Éireann teagmháil leis chun an fhadhb a fhiosrú agus nach bhfuil a ndóthain eolais á chur ar fáil don phobal faoin gclár oibre atá ag Uisce Éireann.

Tá an scéal tar éis scaipeadh ó shin agus an Tánaiste (agus Corcaíoch) Mícheál Martin é féin ag lorg freagraí.

Tuigtear do Sheomra na Nuachta go raibh baint ag an úsáid a baineadh as hiodrocsaíd sóidiam san Ionad nua Cóireála Uisce ar Bhóthar na Laoi i 2022 leis an bhfadhb, mar go raibh an ceimiceán ag glanadh agus ag tabhairt leis dríodar agus brocamas a bhí greamaithe do na seanphíopaí leis na cianta.

Deir Uisce Éireann go bhfuil sé i gceist na píopaí ar fad a ghlanadh go maith, ach ní gach duine atá sásta le cur chuige an chomhlachta agus faoin easpa cumarsáide.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Marian O’Flaherty ar Nuacht TG4 ag 1900.