Deir úinéirí foraoise i ndeisceart Chontae an Chláir go bhfuil siad curtha ar an eolas ag údaráis Stáit go bhfuil ráig den chiaróg choirte ar na bacáin a dhéanfaidh dochar mór do chrainnte sprúis.
Le blianta beaga anuas tá léirscrios déanta ag na feithidí neamh-dhúchasacha ar limistéir foraoise ar fud na MórRoinne.

Le sé mhí tá sé deimhní go bhfuil ar a laghad cineál amháin ciaróga nua tagtha i dtír i gCo an Chláir.
Mí na Nollag thug an Roinn Talmhaíochta le fios go raibh mianach amháin ciaróg neamhdhúchasach ar a laghad sna bólaí sin, ciaróg phéine Monterey.
Ní fios cé chaoi a dtáinig sí an bealach uilig as Meiriceá Theas.
Is léir an díobháil ón gciaróg ón gcoigríoch cheana féin ar chuid de na crainnte.
Ach ar fud na hEorpa tá tréan-iarracht ar bun le seasamh roimh an dochar níos mó fós atá san gciaróg choirte do na crainnte sprúis.
Níl aon cheann de na feithidí sin feicthí i nÉirinn, go dtí seo.
Le Coillte an chuid is mó de na crainnte atá curtha i bhforaoisí sa gcontae ach tá riar acu freisin faoi úinéireacht phríobháídeach.
Deir fear amháin foraoise, John Fitzgerald, go bhfuil an-imní ar dhaoine san áit faoi na ciaróga atá le theacht.
Deir sé go bhfuil bac agus cosc níos déine ag teastáil ar ábhar atá á ealmhuiriú.
Tá moltaí curtha chun na Roinne Talmhaíochta go mb'fhéidir gur cheart an choirt a scríobadh de na crainnte atá á n-ealmhuiriú do thionscal an adhmaid, ar mhaithe le cothú agus gnáthóg a shéanadh ar aon chiaróg a thagann anall.
Tá srian curtha i bhfeidhm ag an Roinn, gan aon chrann a leagan ná a ghearradh i limistéir 10km² i ndeisceart an Chláir, gan fógra a bheith curtha agus cead a bheith faighte ón Roinn.
Iarracht eile le seasamh roimh an ionradh, agus roimh an scaipeadh a bhfuil an oiread imní faoi.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Tomás Ó Mainnín ar Nuacht TG4 ag 1900.