skip to main content

Corcaigh, Ciarraí agus an Mhí is mó a d'íoc cúiteamh ar dhamáiste de bharr na mbóithre

hÍocadh beagnach €400,000 cúitimh ar dhamáiste d'fheithiclí.
hÍocadh beagnach €400,000 cúitimh ar dhamáiste d'fheithiclí.

De réir thaighde de chuid 7LÁ, an clár cúrsaí reatha ar TG4, déanadh ar a laghad 16,661 gearán le údaráis áitiúla anuraidh faoi sclaigeanna agus poill agus fabhtanna eile ar na bóithre.

24 údarás áitiúil a chuir figiúirí ar fáil.

As 3 chontae ina bhfuil limistéir Gaeltachta is mó a tháinig casaoid.

Rinneadh 4,620 gearán (28% de na gearáin) le Comhairle Chontae Chorcaí;

rinneadh 1,650 gearán ( 10% den iomlán) le Comhairle Chontae Chiarraí;

agus rinneadh 1,351 (8%) le Comhairle Chontae na Mí.

Na sonraí a tháinig ó na húdaráis áitiúla.

Chuir gach ceann den 31 údarás áitiúl eolas ar fáil do 7LÁ faoi líon na n-éileamh ar chúiteamh a fuair siad, chomh maith le líon agus suim na n-éileamh a h-íocadh.

D'íoc comhairlí contae agus comhairlí cathrach €389,639 cúitimh le 1,938 duine anuraidh de bharr damáiste a rinne drochbhail na mbóithre dá bhfeithicil nó rothar.

€201 an mheán-íocaíocht a rinneadh.

D’íoc Comhairle Chontae Chorcaí €111,529 le 486 duine anuraidh, an tsuim ba mhó as aon údarás amháin.

D’íoc Comhairle Chontae na Mí €42,926 le 186 duine anuraidh, an dara údarás ba mhó ó thaobh cúitimh a íoc.

Tá árachas ag gach uile údaráis áitiúil sa tír le Comhar-Árachais Chomhlachtaí Poiblí na hÉireann Teoranta (an IPB).

Cuireann na húdaráis áitiúla éilimh ar chúiteamh faoi bhráid an Chomhair-Árachais agus siadsan a théann i ngleic leis na cásanna.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Shane Ó Curraighín ar 7LÁ ar TG4 ag a hocht a chlog.