skip to main content

Aire na Meán tar éis 3 fhiosrú faoi RTÉ a chur os comhair a cuid comh-Airí.

6 seachtaine ag RTÉ le glacadh leis na moltaí.
6 seachtaine ag RTÉ le glacadh leis na moltaí.

Tá athbhreithniú atá déanta ar rialachas RTÉ tar éis laigeachtaí san mbainistiú riosca agus sna srianta inmheánacha a cháineadh go géar, agus tar éis a rá gurbh iad na laigeachtaí sin is cúis leis an ngéarchéim sa gcraoltóir.

Léiríonn an tAbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr na heagraíochta - athbhreithniú faoi stiúir an Ollaimh Niamh Brennan as Coláiste na hOllscoile BÁC - go raibh an bainistiú riosca "neamh-aibí", "nach raibh a ndóthain acmhainní ann dó" agus "gur ar éigin a cuireadh san áireamh in aon chor é i bhfeidhmiú Bhord RTÉ ná an Bhord Feidhmiúcháin."

Cothaíodh "timpeallacht cultúir a laghdaigh go mór pé deis a bhí ann leis an leas conspóideach a bhí á bhaint as na cuntais bhabhtála a aithint, agus an mhíthuairisciú a déanadh ar thuarastal Ryan Tubridy a thabhairt faoi deara".

Dúirt an Bord agus na hiniúchóirí inmheánacha nach raibh siad ar an eolas faoin gcuntas babhtála.

Sa gcás sin a deir an tuarascáil, "bhí cuntais bhabhtála RTÉ faoi cheilt os comhair cách".

Deir an tuarascáil nár éirigh leo a dhéanamh amach cé a rinne an cinneadh na cuntais a bhogadh lasmuigh den chlár comhardaithe.

Achar gearr ó shin chuir Aire na Meán Catherine Martin 3 thuarascáil a rinne iniúchadh ar RTÉ faoi bhráid a cuid comh-Airí.

€74,000 an costas go dtí seo atá luaite leis na tuarascálacha.

Léiríonn an fiosrú nár chomhlíon RTÉ an cód cleachtais a bhaineann le rialú comhlachtaí stáit, mar gurbh iad RTÉ iad féin a rinne measúnú orthu féin.

Is iad an Rialtas a choimisiúnaigh péire de na fiosraithe - an t-athbhreithniú ar rialachas agus cultúr, agus athbhreithniú ar íocaíochtaí conraitheoirí agus acmhainní daoine faoi stiúir Brendan McGinty - agus tá 116 moladh iontu faoi leasaithe ar chleachtais an chraoltóra.

Ina measc moltar gurbh iad an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a dhéanfadh iniúchadh feasta ar RTÉ; moltar reachtaíocht nua faoi fheidhmiú Bhord RTÉ; agus moltar athruithe ar an gcóras le láithreoirí a earcú agus a chúiteamh.

Tá sé molta chomh maith athchóiriú a dhéanamh ar chóras liúntas RTÉ, agus táthar ag iarraidh a chinntiú go mbeadh scéimeanna iomarcaíochta ón gcuideachta cóir, cothrom.

In Athbhreithniú McGinty tá sé molta go mbeadh srian airgid, chomh maith le údarú ó Bhord RTÉ, ag baint feasta le íocaíochtaí iomarcaíochta agus íocaíochtaí scoir.

Beidh 6 seachtainí anois ag RTÉ leis na tuarascálacha a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh faoi glacadh nó diúltú do na moltaí.

Deir an tAire Martin go bhfuil súil aici gur freagra dearfach a bheidh ann, le go mbeidh an Rialtas in ann cinneadh críochnúil a dhéanamh faoi mhaoiniú an chraoltóra.

Ina theannta sin tá an 3ú tuarascáil ó na cuntasóirí Mazars faighte freisin ag an Rialtas, dianscrúdú ar "chuntais bhabhtála" RTÉ agus cuntais lasmuigh den chlár comhardaithe.

Beidh a mbreithiúnas le tabhairt ag an Rialtas air sin freisin, ach tá an 3 thuarascáil foilsithe anois tráthnóna.

Tá fáilte curtha ag RTÉ roimh fhoilsiú na dtuairiscí.

Glacann siad "i bprionsabal" leis na moltaí, scrúdóidh siad tuilleadh iad a deir siad, agus leanfar leis an athchóiriú a deir siad atá tosaithe cheana féin sa stáisiún.