skip to main content

Téarma saoil gearrtha ar mharú mná (18) agus beirt ghasúr, cúpla a bhí 8 mbliana

Lisa Cash sa lár agus an cúpla Chelsea agus Christy lena taobh
Lisa Cash sa lár agus an cúpla Chelsea agus Christy lena taobh

Tá príosúin saoil gearrtha ar fhear 26 bliain d'aois as dúnmharú bheirt dheirfiúracha agus deartháir leis ina dteach cónaithe i mBaile Átha Cliath arú anuraidh.

Príosúin saoil gearrtha ar Andy Cash

Phléadáil Andy Cash, as Ascaill Ghort an Rosaigh i dTamhlacht, ciontach sa bPríomhchúirt Choiriúil i ndúnmharú Lisa Cash a bhí 18, agus i ndúnmharú an chúpla beag Christy agus Chelsea Cawley, moch ar maidin an 4ú mí Mheán an Fhómhair 2022.

Tugadh fianaise sa gcúirt cheana gur cuireadh fios ar Ghardaí ó Bheairic Thamhlachta agus go bhfuair siad cuidiú ag an teach cónaithe ó bhleachtairí armtha agus ón Aonad Tacaíochta faoi Airm.

D'éirigh leis na Gardaí Andy Cash a gabháil ag baint leas as gairis neamh-mharfacha.

Inniu dúirt abhcóide Andy Cash, Brendan Grehan, leis an mBreitheamh Paul McDermott go bhféadfaí breith a thabhairt, agus dheimhnigh Seán Gillane, abhcóide thar ceann Oifig na nIonchúiseamh Poiblí gur 3 chúis dúnmharú a bhí i gceist.

Sochraidí an triúir, an 9ú Meán Fómhair 2022

Thug an Bleachtaire Robert Whitty fianaise go raibh ócáid teaghlaigh ann an 3ú Meán Fómhair.

Dúirt sé go raibh deoch meisciúil ólta agus Andy Cash ag cur dhó faoi ghaolta ar bhealach nár thaitnigh le daoine eile a bhí i láthair.

Chuaigh Cash i dtacsaí go hAscaill Ghort an Rosaigh agus d'iarr sé ar an tiománaí fanacht leis os comhair an tí. Bhí Christy agus Chelsea ina gcodladh agus Lisa ag breathnú ar an teilifís.

Chuala an tiománaí tacsaí scréach, tháinig Andy Cash amach chuige, d’iarr sé air glaoch ar 999 agus chuaigh sé ar ais sa teach.

Chuala deartháir eile - Mikey Cawley (14) a bhí sa seomra céanna le Christy - Andy ag filleadh ar an teach. Chuala sé Lisa ag rá le Andy nach raibh aon airgead aici agus nár cheart go mbeadh sé sa teach.

Chonaic Mikey Andy ag gabháil isteach sa seomra agus scian mhór aige. Chonaic sé é ag sáthadh Lisa.

Rinne sé a dhícheall a dheartháirín beag a dhúiseacht. Léim sé amach fuinneog an tseomra codlata agus rinne sé iarracht Christy a thabhairt leis.

Tháinig comharsan ar Mikey taobh amuigh, é leath-nocht, agus thrína chéile.

Dúirt an Garda Whitty gur "slad amach is amach" a bhí rompu nuair a tháinig na seirbhísí éigeandála. Bhí páiste gonta ar an talamh, agus Andy Cash thuas staighre ag caitheamh teilifís agus iliomad níthe eile amach na fuinneoga.

Facthas ansin é i ngreim sa mbuachaill beag Christy, gan mheabhair gan arann sa bpáiste, agus ansin scaoil sé leis anuas ón fhuinneog thuas-staighre síos ar an talamh.

Nuair a d’éirigh le Gardaí armtha an doras a bhriseadh, tháinig siad ar Lisa gortaithe go tubaisteach ag bun an staighre.

Bhí an triúr sáite arís is arís eile. Sáthadh Lisa 71 babhta, Christy 107 agus Chelsea 65 uair.

I ráiteas a léadh amach sa gcúirt thar ceann Margaret, máthair na ngasúr agus Mikey agus deirfiúr eile, Margaret, dúirt an teaghlach nach raibh cur síos ar an bpian agus fulaingt atá déanta acu chuile lá ó tharla an marú.

Níor labhair Andy Cash sa gcúirt, ach le "ciontach" a fhreagairt nuair a cuireadh an 3 chúis ina leith.

Bhí daoine muinteartha leis na mairbh sa gcúirt ar maidin.

Thug an t-abhcóide Brendan Grehan le fios go raibh measúnú déanta ar a chliant ag beirt shíciatraí agus ag siceolaí.

Dúirt sé go raibh Andy Cash in aiféala faoin méid a bhí déanta aige agus faoin líon mór daoine a bhí gortaithe aige.

Dúirt an Breitheamh McDermott gur bhain tráma tubaisteach leis an gcás do theaghlach a d'fhulaing cailliúint chomh huafásach, páistí scuabtha uathu agus a saol uilg amach rompu.