skip to main content

"Smacht feidhmithe" ag an Arm ar bhealach-trasna Rafah leis an Éigipt

Ógánach ina sheasamh ar maidin os comhair chuid den scrios ó ionsaí Iosrael aréir ar cheantar Tal al-Sultan i gCathair Rafah.
Ógánach ina sheasamh ar maidin os comhair chuid den scrios ó ionsaí Iosrael aréir ar cheantar Tal al-Sultan i gCathair Rafah.

Tá gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe ag rá go bhfuil an dá mhórbhealach isteach go Gaza "tachta" ag Arm Iosrael.

Gan ach lear fíor-bheag bia agus ábhar eile fanta i stóras i nGaza, tá an Stráice scoite amach anois ag na fórsaí armtha.

Dheimhnigh urlabhraí Oifig Dhaonnúil an UN Jens Laerke sa nGinéiv go bhfuil an dá bhealach-trasna, ag Rafah agus ag Kerem Shalom, dúnta de bharr ruathar Arm Iosrael ó aréir ar Chathair Rafah.

"Muna dtagann aon bhreosla isteach thar thréimhse sách fada, cuirfidh sé an ghníomhaíocht dhaonnúil den tsaol".

Tá sé fógartha ó mhaidin ag Arm Iosrael go bhfuil "smacht feidhmithe" bainte amach acu ar an taobh Phalaistíneach de bhealach-trasna Rafah ar an teorainn leis an Éigipt.

Tá a gcuid Fórsaí Speisialta i mbun gnímh a deir siad sa gceantar.

Ar cheantar ar leith in oirthear na cathrach atá siad i mbun sciúradh a deir an tArm, ceantar a deir siad atá tréigthe den chuid is mó ó tugadh foláireamh do dhaoine agus d'eagrais idirnáisiúnta imeacht as an áit sula dtosódh ionsaí an Airm.

D’fhógair siad freisin ar maidin go bhfuil pointe seiceála Kerem Shalom dúnta arís acu agus go n-osclófar é "ag brath ar chúinsí slándála."

Daoine ag teitheadh arís ó chogaíocht Iosrael

Tháinig an ruathar tar éis do Hamas aontú tráthnóna inné le moladh faoi shos cogaidh a bhí réitithe ag lucht eadrána as an Éigipt agus Catar.

Dhiúltaigh Iosrael don socrú, atá leataobhach agus easnamhach a deir siad.

Tugadh faoin ionsaí úr ar Rafah fiú agus Iosrael ag maíomh go leanfaí leis an idirbheartaíocht.

Deir daoine in oirthear Rafah go bhfuil tuairteáil ón aer faighte ag an limistéir thar oíche.

Fórsaí Iosrael in Oirthear Rafah

Deir Aire Gnótharí Eachtracha na hIordáine Ayman Safadi go bhfuil an Príomhaire Netanyahu ag cur aon socrú síochána go mór i mbaol leis an ionsaí ar Rafah.

Ach tá fionsí rialtais in Iosrael ag tabhairt le fios gur "seift agus cur i gcéill" atá ar bun ag Hamas, ag glacadh le moladh a bhí pléite agus curtha as an áireamh ag Iosrael san idirbheartaíocht i gCaireo an mhí seo caite.

Tá urlabhraí ó Roinn an Stáit i Washington, Mathew Miller, tar éis a rá go mbeadh Meiriceá i mbun cainte "lena cuid comhghuaillithe sna huaireanta atá romhainn. Cinnte, is féidir a theacht ar shocrú."

Tuairim is 35,000 duine atá maraithe sa gcogaíocht le 7 mí, agus tá gorta anois sa taobh ó thuaidh de Ghaza a deir na Náisiún Aontaithe.