skip to main content

Triúr fós á gceistiú faoi dhúnmharú Josh Itseli

Baint ag marú Josh Itseli leis an aighneas leanúnach coirpeach i mBÁC a deir Gardaí.
Baint ag marú Josh Itseli leis an aighneas leanúnach coirpeach i mBÁC a deir Gardaí.

Creideann na Gardaí gur mar thoradh ar achrann idir buíonta coiriúla a caitheadh agus a maraíodh ógfhear arú aréir san ardchathair.

Scór a bhí Josh Itseli a bhíodh ina chónaí i gceantar na Coille Móire in iarthar Bhaile Átha Cliath.

Caitheadh níos mú ná uair amháin é agus cailleadh é ar Bhóthar Chnoc na Riabh i nDroimeanach thart ar 12.15 ar maidin.

Deir na Gardaí gurbh é an chéad duine a bhásaigh i mbliana san aighneas leanúnach i measc coirpeach sa bpríomhchathair.

Tá na fiosraithe dlí-eolaíocha fós ar bun.

Tá raidhfil ionsaithe den déanamh AR-15 aimsithe ag na Gardaí, an gunna creidtear a ba chúis leis an dúnmharú.

An gunna AR-15 a fritheadh

Fritheadh buama píopa freisin agus bhain Aonad Diúscartha Buamaí an Airm an dochar as.

Tráthnóna a cuireadh clabhsúr ar 2 lá d'fhiosrúchán teicniúil agus dlí-eolaíoch ar láithreacha éagsúla.

Deir na Gardaí go raibh siad ar an eolas faoi Josh Itseli. Creideann siad go mb'fhéidir go raibh baint aige le buíon a bhí ag taisteal oíche Dé Domhnaigh le tabhairt faoi ionsaí gunna nuair a rug buíon eile coirpeach orthu i luíochán.

Gabhadh Josh Itseli anuraidh agus cuireadh cúisimh ina leith faoi a bheith ag díol cócaon mí an Aibreáin agus mí na Bealtaine 2023 i nDroimeanach.

Bhí Josh Itseli i gceann de 2 charr - Mercedes dubh agus Volkswagen Golf dubh - a fritheadh basctha ar láthair an luíocháin.

Fritheadh carr eile, Ford Focus ar dhath an airgid, in aice láimhe.

Tá na Gardaí fós ag ceistiú triúr a gabhadh arú aréir in aice leis an láthair, beirt fhear agus déagóir.

Is féidir iad a choinneáil ar feadh 3 lá san iomlán.

Deir na Gardaí go raibh an triúr ag caitheamh veisteanna piléir-dhíonacha.

Deir siad gur coirpeach contúirteach duine acu, fear sna 20í, a cúisíodh le coir thromchúiseach mí ó shin agus a bhí amuigh ar bannaí a deir siad.

Níl sé i bhfad ó h-ionsaíodh an fear céanna agus measann Gardaí go mb’fhéidir gur ar thóir díoltais a bhí sé san oíche Dé Domhnaigh.

Tá lucht an fhiosrúcháin sa tóir freisin a deir siad ar roinnt daoine eile a theith ón láthair nuair a bhí an marú déanta.