Tá Hamas tar éis a rá go bhfuil siad tar éis glacadh le téarmaí a bhí molta ag an Éigipt agus ag Catar le sos cogaidh a bhaint amach sa gcogadh atá ar bun idir Iosrael agus Hamas le 7 mí.
Hamas féin a d'eisigh an ráiteas go bhfuil a gceannasaí Ismail Haniyeh tar éis a chur in iúl do Phríomhaire Chatar agus saoiste Mheitheal Faisnéise na hÉigipte go bhfuil siad sásta glacadh leis an moladh.
Níl aon sonraí fós faoin socrú atá déanta.
Tá AFP tar éis a rá go bhfuil feidhmeannaigh sinsearacha ag tabhairt le fios gur faoi "Fhorghabháil Iosrael" anois glacadh leis an moladh nó diúltú dó.
Deir foinsí le Al-Jazeera le cúpla nóiméad anuas nach bhfuil Rialtas Iosrael sásta géilleadh don réiteach atá molta.
Deir feidhmeannach Rialtais i Tel Aviv le Reuters go bhfuil Hamas tar éis glacadh le "moladh leasaithe" a bhí curtha chun cinn le gairid ag taidhleoirí de chuid na hÉigipte, moladh nár ghlac agus nach nglacann Iosrael leis.
Deir an foinse nach bhfuil san bhfógra ó Hamas ach "cur i gcéill" le tabhairt le fios go bréagach go bhfuil Iosrael ag cur in aghaidh shos comhraic.
Tá na meáin i gcoitinne in Iosrael tráthnóna ag tuairisciú nach nglacfar leis an réiteach, agus cuid mhaith ag rá gur socrú "leataobhach" é.
Níl aon ní ráite fós go hoifigiúil ag Iosrael.
Níos túisce tráthnóna chuir an tUachtarán Biden "in iúl go soiléir arís seasamh na Stát Aontaithe" don Phríomhaire Netanyahu a dúirt urlabhraí sa Teach Bán.
Bhí glaoch gutháin idir an bheirt tar éis d'Arm Iosrael ordú a thabhairt do na scórtha míle Palaistíneach teitheadh as Rafah, cathair atá i ngar-bhaol ionsaithe le roinnt seachtainí.
Ó mhaidin tá Arm Iosrael ag cur fainic ar Phalaistínigh i gceantair ar leith i Rafah an áit a thréigeadh agus na hullmhúcháin armtha ag treisiú le tabhairt faoi ionradh ar an gcathair i ndeisceart Ghaza ina bhfuil breis is milliún duine gaibhte ar an bhfoscadh ón gcogadh.
Bhí an tArm i mbun glaochanna gutháin, teachtaireachtaí téacs agus billeaogaí eolais in Arabis ag ordú do dhaoine teitheadh chuig "crios méadaithe daonnúil" 20km ó bhaile.
Thug Raidió an Airm le fios gur líon ar leith comharsanacht ar imeall Rafah atá i gceist agus go bhfuil daoine in ainm is taisteal chuig campaí eile teifeach i Khan Younis agus Al Muwassi.
Tá sé ráite go minic le 7 mí anuas ag an Arm agus ag Rialtas Iosrael nach mbeidh aon tsíocháin ann go mbeidh na gialla a tógadh sa bhFómhar fuascailte, agus go mbeidh na mílte lucht troda de chuid Hamas i Rafah curtha faoi chois.
Tá teaghlaigh ag bailiú gach a bhfuil fanta acu agus ag tabhairt faoin turas sa mbáisteach throm, de réir thuairiscí tráthnóna.
Tá na mílte feicthe cheana féin ag imeacht faoi shiúl na gcos, ar mhuin asail nó i mullach a chéile ar leoraithe.
Deir urlabhraí sa Teach Bán i Washington gur labhair an tUachtarán Joe Biden agus Príomhaire Iosrael Benjamin Netanyahu le chéile ar an nguthán tráthnóna.
Deir níos mó ná foinse amháin gur mhair an comhrá thart ar 30 nóiméad.
I measc níthe eile a pléadh tuairiscítear gur éiligh an tUachtarán go n-osclófaí arís láithreach an bealach trasteorann ag Kerem Shalom, ceann den líon beag bealaí isteach ag bia agus ábhar eile fóirithinte.
Dúirt Netanyahu go n-osclófaí an bealach trasna "dóibh siúd atá ag brath air".
Dúnadh an bealach aréir tar éis d'ionsaí roicéad de chuid Hamas triúr saighdiúirí a mharú.
Ina dhiaidh d'ionsaigh an tArm teach cónaithe inar maraíodh ar a laghad triúr Palaistíneach.
Dúirt feidhmeannach sinsearach de chuid Hamas gur "géarú contúirteach é an t-ordú nua ó Arm na Forghabhála. Beidh iarmhairtí dá bharr. Is ar Rialtas na Stát Aontaithe, chomh maith leis an bhForghabháil, atá an fhreagracht as an sceimhle seo" a dúirt Sami Abu Zuhri le Reuters.
Deir Arm Iosrael gur "gníomh teoranta" a bheidh i gceist agus go mbainfidh sé le 100,000 duine, ach níl aon údar tugtha acu, ná aon deimhniú nó a mhalairt gur gearr uainn ionsaí.
Deir lucht fóirithinte na Náisiún Aontaithe i nGaza, UNRWA, gur scrios tubaisteach an toradh a bheadh ar mhór-ionsaí ar Rafah agus deir siad go bhfuil na limistéir atá Arm Iosrael tar éis a shonrú do na daoine atá ceaptha teitheadh plódaithe cheana féin ag pubaill lán le teifigh ón ár.
Fanfaidh UNRWA ag cuidiú le daoine sa gcathair a deir siad, chomh fada agus is féidir.
Maraíodh scór Palaistíneach aréir a deir an Roinn Sláinte i nGaza nuair a d'ionsaigh eitleáin cogaidh 10 gcinn de thithe i Rafah.
Is beag dóchais anois faoi chainteanna síochána i gCaireo san Éigipt; Hamas fós ag éileamh deireadh leis an gcogadh sula scaoilfear saor na gialla, agus Netanyahu fós ag diúltú glan de sin.
Inné d'inis feidhmeannach sinsearach sna NÁ, ceannasaí Chlár Bia an Domhain Cindy McCain (baintreach an tSeanadóra John McCain i Meiriceá) don BBC go bhfuil "gorta go fairsing gan aon amhras i dtuaisceart Ghaza, áit a bhfuil cónaí ar 2.3 milliún, gorta atá ag déanamh a bhealach ó dheas".