Tá John Swinney deimhnithe ina cheannaire an athuair ar Pháirtí Náisiúnach na hAlban (an SNP), 20 bliain tar éis dó a bheith i gceannas cheana orthu.
Chaith sé seal cheana freisin ina Leas-Chéadaire ar Albain.
Ní raibh sa gcomhaireamh sa bpróiseas ceapúcháin ach é féin, gan aon iarrthóir eile ann le theacht i gcomharbacht ar Humza Yousaf.
Dúirt an tUas Swinney gurbh mhór an onóir dó a bheith tofa ina cheannaire agus dúirt sé "go dtabharfaidh mé gach a bhfuil agam ar son mo pháirtí agus mo thír".
Is é a bhí ina cheannasaí freisin ar an SNP ó 2000 go 2004.
Beidh vóta sa bparlaimint i Holyrood i nDún Éideann as seo go deireadh na seachtaine ag a dtoghfar é ar an 7ú Céadaire ar an tír.
Níl sé ach seachtain ó d'fhógair Humza Yousaf go raibh sé ag éirí as oifig, tar éis dó deireadh a chur leis an socrú faoi roinnt na cumhachta a bhí ag an SNP le Comhaontas Glas, rud a d’fhág i mbaol vóta mí-mhuiníne é.
Bliain a bhí seisean i gceannas, ó tháinig sé in áit Nicola Sturgeon, ach dúirt sé agus ag imeacht as oifig go raibh sé in am ag duine eile tabhairt faoin stiúir ag rialtas díláraithe na hAlban.