Tá súil ag an Rialtas lóistín sa mbreis a bheith aimsithe roimh dheireadh na seachtaine le cuidiú le lucht lorgtha tearmainn atá gan áras.
Tá daoine ar thóir foscaidh ón Stát ag cur fúthu faoi láthair i 70 puball le cois na Canálach Móire sa bpríomhchathair, gan iad i bhfad ón Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta.

An tseachtain seo caite bogadh 100 puball a bhí buailte ar an Oifig ar Shráid an Mhóta.
Ag méadú seasta atá líon na ndaoine atá ag teacht ag iarraidh dídine; bhí súil le 200 duine lá amháin an tseachtain seo caite ach tháinig 290 duine chuig an Oifig.
Tá liosta déanta de na daoine gan áras agus tá súil ag an Rialtas go mbeidh soláthar lóistín - i 2 chuid - ar fáil as seo go hAoine.
Creideann siad nach mbeidh gá ansin, faoi láthair aon chuma, le pubaill le taobh na canálach.
Dúirt an Taoiseach leis an Dáil Dé Máirt seo caite nach gceadófaí borradh arís ar "bhailte seantán" mar a thug sé orthu.
Tuairim is 1,700 duine ceaptar atá sa tír i mbun iarratais ar Chosaint Idirnáisiúnta nach bhfuil lóistín de chuid an Stáit faighte dóibh.