skip to main content

"Coiriúlacht eagraithe" agus triúr gafa faoi fhear óg a caitheadh aréir i nDroimeanach

Scrúdú dlí-eolaíoch ar bun ar láthair an mharaithe.
Scrúdú dlí-eolaíoch ar bun ar láthair an mharaithe.

Tá fear thart ar 25 bliain d'aois tar éis bháis de bharr a chaite sa bpríomhcathair thar oíche.

Creideann na Gardaí go raibh baint ag coiriúlacht eagraithe leis an marú.

Bhí veisteanna piléardhíonacha á gcaitheamh ag an triúr nuair a gabhadh iad.

Bhí roinnt feithiclí i gceist tuairiscítear aréir, i mbun ruathair agus ag bualadh faoina chéile.

Tuairiscítear gur scaoileadh piléir as gunnaí éagsúla.

Creideann na Gardaí gur ionsaí a bhí ann a bhí ullmhaithe go cúramach.

Fritheadh buma píopaí le taobh an fhir mhairbh agus b'eigean fios a chur ar Mheitheal Diúscartha Buamaí an Airm.

Tá an suíomh ar an taobh ó dheas den ardchathair faoi chaomhnú ag na Gardaí.

Go gairid tar éis meánoíche a caitheadh an fear óg ar Bhóthar Chnoc na Riabh i nDroimeanach.

Níorbh fhada ina dhiaidh a gabhadh an triúr fear atá á gcoinneáil ag Gardaí i mbeairicí éagsúla i mBaile Átha Cliath.

Is féidir iad a cheistiú ar feadh 3 lá.

Tá corp an té a maraíodh fós ar an láthair, agus tá an áit caomhnaithe agus scrúdú dlí-eolaíoch tosnaithe ó roimh am lóin.

Bóthar Chnoc na Riabh i nDroimeanach moch ar maidin.

Tá scrúdú iarbháis le déanamh freisin.

Tá na Gardaí ag lorg cúnamh ón bpobal agus iarrtar ar dhaoine a ghabháil i dteagmháil le Beairic Bhóthar Ghrianréime ar 01 666 6600 nó 1800 666 111.