skip to main content

Seicphointí líonmhara an deireadh seachtaine seo

Gardaí ag faire go géar ar thiománaithe an deireadh seachtaine seo
Gardaí ag faire go géar ar thiománaithe an deireadh seachtaine seo

Tá na Gardaí agus an tÚdarás Sábháilteachta Bóthair ag impí ar an phobal a bheith airdeallach ar na bóithre an deireadh seachtaine saoire bainc seo.

Seo an chéad deireadh seachtaine fada den Samhradh agus beidh líon mór daoine ag taisteal na mbóithre.

Deir na Gardaí go mbeidh a dhá oiread seicphointí acu ó seo go Luan lena chinntiú go mbeidh tiománaithe agus daoine eile a úsáideann an bóthar ag cloí le rialacha sábháilteacha.

Tá 69 duine básaithe ar bhóithre an Stáit go dtí seo i mbliana - sin 16 sa bhreis ar an líon a maraíodh ag an tráth seo anuraidh.

I suirbhé a rinne an tÚdarás Sábháilteachta Bóthair i measc tiománaithe, dúirt an ceathrú cuid acu go gcreideann siad go bhfuil sé sásúil tiomáint ag 10 gcileaméadar san uair níos mó ná an teorainn luais atá i bhfeidhm.

Léiríonn suirbhé eile de chuid na heagraíochta go bhfuil athrú chun donais ag teacht ar dhearcadh an phobail maidir le tiomáint faoi thionchar an óil ón bhliain 2019 - creideann 25% de thiománaithe go bhfuil sé maith go leor turas gearr a thiomáint i ndiaidh deoch a ól, agus d'admhaigh siad go mb’fhéidir go raibh an teorainn alcóil sáraithe acu nuair a chuaigh siad ag tiomáint maidin lá arna mhárach, tar éis a bheith ag ól an oíche roimh ré.

Roimh an lá saoire bainc, táthar ag meabhrú do thiománaithe agus dóibh siúd eile a úsáideann na bóithre, pleanáil chun cinn agus bealach sábháilte abhaile a eagrú má bhíonn siad amuigh sna laethanta amach romhainn.