skip to main content

Na caomhaigh buailte go dona sna toghcháin áitiúla

Lucht Oibre caithréimeach sna toghcháin
Lucht Oibre caithréimeach sna toghcháin

'Is léir go dteastaíonn athrú ó phobal na Breataine' a dúirt ceannaire an Lucht Oibre,Kier Starmer thall ansin agus é ag tagairt do thorthaí fothoghchán agus toghcháin áitiúla.

Tá an Lucht Oibre ag iarraidh anois ar Phríomh Aire na tíre,Rishi Sunak olltoghchán a ghairm.

Dar le saineolaithe toghchánaíochta thall ansin d'fhéadfadh sé go gcaillfeadh páirtí an Rialtais, na Caomhaigh suas le 500 suíochán ar fad i ndiaidh na dtoghchán i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.

Ní dhearna an páirtí chomh dona cheana sna toghcháin seo le 40 bliain.

Chaill na Caomhaigh freisin an fothoghchán i ndeisceart Blackpool agus an Lucht Oibre ag buachan an tsuíocháin ansin