Tá na hoibrithe i Tara Mines i gCo.na Mí i ndiaidh glacadh le socrú a bhfuil sé mar aidhm aige an mianach ansin a athoscailt.
Tugadh deis vótála do na hoibrithe ar an gceist agus cuireadh tús le comhaireamh na vótaí ag ionad san Uaimh ar maidin,
Leagadh amach go sealadach as a gcuid oibre suas le 600 oibrí sa mhianach i mí Iúil seo caite.
Votáil móramh ó 3 cheardchumann; SIPTU, Unite agus Connect i bhfábhar an mianach a oscailt in athuair.
Tuigtear go ndéanfar sin anois an chéad mhí eile.
Tá sé i gceist ag an gcomhlacht Boliden, ar leo an mianach, suas le 150 oibrí a scaoileadh chun siúil ar bhonn deonach.