Tá an Taoiseach, Simon Harris ar a chéad chuairt oifigiúil i dTuaisceart Éireann.
Tá an fhorbairt atá déanta ó thuaidh ó tháinig Comhthionól Stormont ar ais le chéile i mí Feabhra á plé aige féin agus ionadaithe ó Rialtas Stormont.
Táthar ag díriú freisin ar bhealaí ar leith a bhféadfaí an comhoibriú idir Tuaisceart Éireann agus an Phoblacht ó dheas a threisiú tuilleadh.
Maidir le cúrsaí inimirce, dúirt an Taoiseach go gcaithfeadh daoine a bheith staidéarach i bhfianaise an teannais atá ann faoi láthair idir an tír seo agus an Bhreatain ar an gceist.
Chas an Taoiseach le Céad Aire Stormont,Michelle O'Neill agus leis an Leas Céad Aire,Emma Little-Pengelly i gCaisleán Stormont thart ar a 11 a'chlog.