skip to main content

Léirsiú lasmuigh de theach an Taoisigh inné

Léirsiú lasmuigh de theach an Taoisigh
Léirsiú lasmuigh de theach an Taoisigh

Bhailigh léirsitheoirí lasmuigh de theach cónaithe an Taoisigh,Simon Harris i gCo.Chill Mhantáin tráthnóna inné.

Áirítear go raibh suas le 16 duine páirteach sa teacht le chéile seo sna Clocha Liatha.

Bhailigh siad ar an gcosán isteach go dtí an teach.

Bhí comharthaí frith-inimirce á iompar acu.

I ráiteas ón Taoiseach atá i mBéal Feirste inniu dúirt sé nár cheart go mbeadh agóidí den tsórt seo dírithe ar aon pholaiteoir ar leith ná ar a áit chónaithe.

Ní raibh an Taoiseach féin sa teach ag an am ach deirtear go raibh a chlann.

Glaodh ar na gardaí ach níor gabhadh aon duine.