skip to main content

'Olc an scéal nach bhfuil lóistín d'iarrthóirí tearmainn'-Bacik

Na pubaill curtha suas i nDroichead na Dothra
Na pubaill curtha suas i nDroichead na Dothra

Deir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre,Ivana Bacik gur olc an scéal é gur fágadh roinnt iarrthóirí tearmainn d'uireasa lóistín arís aréir.

Dúirt sí i ráiteas a d'eisigh sí ar na meáin shóisialta gur léirigh sé seo teip iomlán i dtaca le polasaí Rialtais.

Ba i bpubaill i bpáirc ar thalamh eaglasta i nDroichead na Dothra i ndeisceart Bhaile Átha Cliath a chuir roinnt iarrthóirí tearmainn an oíche tharstu aréir.

Fuair siad cead ó úinéirí na talún ag Séipéal Naomh Muire an oíche a chaitheamh ansin.

Inné, dúradh le roinnt fear ag Oifig Seirbhísí Lóistín d'Iarrthóirí Tearmainn Idirnáisiúnta nach mbeifí ábalta aon lóistín a chur ar fáil dóibh ag an tráth seo.