skip to main content

'Ocras, tuirse agus tráma forleathan i Gaza'-Elder

Gaza nach mór scriosta faoin tráth seo
Gaza nach mór scriosta faoin tráth seo

Dúirt urlabhraí le UNICEF,James Elder gur ocras, tuirse agus tráma atá á lua go láidir le formhór an phobail atá ag cur fúthu i Stráice Gaza.

Bhí an tUasal Elder ag labhairt ar an gclár raidió le RTÉ,Morning Ireland ar maidin ina ndúirt sé gur deacair cur síos a dhéanamh ar an méid atá pobal Gaza ag fulaingt faoi láthair.

D'iarr sé áfach ar phobal na hÉireann gan dearmad a dhéanamh orthu agus a gcruachás.

Tá léas dóchais ann sa mhéid is go ndeirtear go bhfuil treallchogaithe Hamas ag breathnú go dearfach ar mhargadh nua anois i dtaca le sos comhraic i Gaza.

Deir Iosrael go gcaithfeadh Hamas gialla atá á gcoinneáil acu a scaoileadh saor má táthar chun aon shocrú a dhéanamh maidir le sos comhraic.

Tá cuid mhaith de Gaza scriosta a bhuíochas den chogaíocht seo atá ar bun le beagnach 7 mí anois.

Deir na Náisiúin Aontaithe go dtógfaidh sé cuid mhór oibre agus airgid an scrios atá déanta sa stráice a chur ina cheart.