skip to main content

Zak Hania slán sábháilte san Éigipt

Zak Hania slán sábháilte san Éigipt
Zak Hania slán sábháilte san Éigipt

Tá Zak Hania, an Pailistíneach a bhfuil saorántacht Éireannach aige agus a bhí sáinnithe i gcathair Rafah i Gaza le míonna i ndiaidh dul thar teorainn isteach chuig an Éigipt.

Tuigtear go bhfillfidh sé ar Éirinn an deireadh seachtaine seo.

Taighdeoir agus aistritheoir é Zak Hania, níor glacadh leis ar an liosta do dhaoine a bhí le haslonnú as Gaza i mí na Samhna seo caite ainneoin saorántacht de chuid na tíre seo a bheith aige.

Bhí feachtas mór ar bun ag a bhean agus a chlann ó shin ag iarraidh go scaoilfí amach é.

Deir a bhean chéile,Batoul Hania go bhfuil súil lena fear ar ais i mBaile Átha Cliath amárach.