skip to main content

Gan aon lóistín ar fáil d'iarrthóirí tearmainn inniu

An Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta ar Shráid an Mhóta Íochtarach
An Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta ar Shráid an Mhóta Íochtarach

Dúradh le thart ar 100 iarrthóir tearmainn ón iasacht a tháinig chuig an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta i lár Bhaile Átha Cliath inniu nach raibh aon lóistín ar fáil dóibh faoi láthair.

Tuigtear go raibh cuid de na fir ag fanacht ó mhoch maidine le dul isteach san oifig ar Shráid an Mhóta Íochtarach sular cuireadh in iúl dóibh nach bhféadfaí lóistín a chur ar fáil dóibh.

Cuireadh na fir ar aghaidh chuig na seirbhísí áitiúla le haghaidh daoine gan dídean ach ní fios an mbeidh sé d'acmhainn acusan cuidiú leo ach an oiread.

Tháinig roinnt teaghlach chuig an Oifig um Chosaint idirnáisiúnta inniu freisin.

Tuigtear gur cuireadh iadsan ar aghaidh chuig an mórionad cóiríochta in Iarthar na Cathrach, áit a bpróiseálfar a n-iarratais ar lóistín.

Inné, aistríodh beagnach 300 iarrthóir tearmainn a bhí ag cur fúthu i bpubaill bheaga ar Shráid an Mhóta go dtí an t-ionad in Iarthar na Cathrach agus go dtí pubaill shainchóirithe ar shuíomh i gCnoc Slinne in iardheisceart an chontae.

Cuireadh suas fál sealadach agus mullaird phlaisteacha lasmuigh den Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta agus de na foirgnimh ar gach aon taobh de ionas nach bhféadfaí campa a bhunú ann arís.

Mar sin féin, tuairiscítear gur chaith roinnt iarrthóirí tearmainn an oíche i bpubaill a chuir siad suas ar shráideanna eile i lár na cathrach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ