skip to main content

Ceist na n-iarrthóirí tearmainn á phlé ag fochoiste Comhaireachta

Is mian leis an Tánaiste Micheál Martin dul i ngleic le ceist na n-iarrthóirí tearmainn ar nós mar a chuathas i ngleic leis an bpaindéim Covid-19
Is mian leis an Tánaiste Micheál Martin dul i ngleic le ceist na n-iarrthóirí tearmainn ar nós mar a chuathas i ngleic leis an bpaindéim Covid-19

Tá fochoiste Comhaireachta ag plé cheist na hinimirce tráthnóna inniu i bhfianaise an imní atá ann faoin líon mór iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta atá ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann.

Tá an Rialtas ag iarraidh próiseas a chur sa siúl le iarrthóirí tearmainn nach nglactar lena n-iarratais a dhíbirt as an tír níos luaithe ná mar a dhéantar faoi láthair agus tabharfar an scéal is deireanaí faoi sin don choiste ar ball.

Ceist eile atá ar chlár oibre an chruinnithe is ea an easpa cóiríochta sa Stát le haghaidh iarrthóirí tearmainn.

I gcruinniú de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil aréir, dúirt ceannaire an pháirtí, an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin, go gcaithfí an chumarsáid a dhéantar leis an pobal agus an chaoi a bpléitear leis an bpobal maidir le ceist na hinimirce, go gcaithfí an dá rud sin a fheabhsú.

Thug sé fios gur mhian leis go rachfaí i ngleic leis an gceist ar nós mar a chuathas i ngleic leis an bpaindéim Covid-19.

Ní réiteoidh manaí polaitiúla ná gealltanais an cheist, arsa sé, agus dar leis gur sa chomhoibriú idirnáisiúnta atá an réiteach.

Dúirt an Teachta Dála as Corcaigh Thoir James O'Connor leis an gcruinniú go rabhthas míshásta leis an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee agus leis an Aire Lánpháirtíochta Roderic O'Gorman.

Mhaígh James O'Connor go raibh an chaoi a bhfuiltear ag dul i ngleic le ceist na hinimirce ag dul i gcion ar thacaíocht an phobail d'Fhianna Fáil.

Tá sé deimhnithe ag Micheál Martin freisin go bhfuil 100 Garda breise le cur ag obair ar dhlíthe inimirce an Stáit a chur i bhfeidhm ach nach mbeidh siad ar patról cois teorann.

Chuir sé an méid sin in iúl do Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris tar éis do Phríomh-Aire na Breataine Rishi Sunak "soiléiriú" ar an gceist a iarraidh ar Rialtas na hÉireann.

Dúirt Rishi Sunak chomh maith nach raibh aon oibleagáid dhlíthiúil ar an Ríocht Aontaithe iarrthóirí tearmainn a ghlacadh ar ais ó Éirinn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ