skip to main content

Iarrthóir toghcháin díroghnaithe ag na Daonlathaithe Sóisialta

Orli Degani, iarrthóir toghcháin áitiúil atá díroghnaithe ag na Daonlathaithe Sóisialta
Orli Degani, iarrthóir toghcháin áitiúil atá díroghnaithe ag na Daonlathaithe Sóisialta

Tá bean Ghiúdach a rugadh sa Ghearmáin agus a bhfuil saoránacht Iosrael aici díroghnaithe ag na Daonlathaithe Sóisialta mar dhuine d'iarrthóirí an pháirtí sna toghcháin áitiúla.

Tá Orli Degani ina cónaí in Éirinn le cúig bliana agus roghnaigh na Daonlathaithe Sóisialta í i mí Iúil seo caite mar iarrthóir i dToghlimistéar Áitiúil Dhún Laoghaire.

Dúirt an páirtí, áfach, gur díroghnaíodh í Dé hAoine seo caite tar éis "athbhreithniú inmheánach".

Ni dúradh cén fáth a díroghnaíodh í ach tuigtear go gcreideann na Daonlathaithe Sóisialta nach bhfuil tuairimí Orli Degani ag teacht le seasamh an pháirtí ar an gcogadh in Gaza.

I ráiteas, ámh, dúirt Orli Degani gur díroghnaíodh í ar chúiseanna a thagann salach ar an gcomhionannas agus ar an bhfáilte roimh chách ar thug sí suntas dóibh nuair a tháinig sí chun na tíre seo a chéaduair.

Thug sí le fios ina ráiteas go raibh aird [na nDaonlathaithe Sóisialta] tarraingthe aici ar an imní atá ag méadú i measc an phobail Ghiúdaigh go bhfuil doicheall rompu sa tír seo agus nach bhfuil siad sábháilte in Éirinn ná i nDún Laoghaire.

Mhaígh sí go ndearna sí iarracht an cheist a phlé go dearfach sa pháirtí agus gur tháinig an cinneadh í a dhíroghnú aniar aduaidh uirthi.

Dúirt Orli Degan go n-eiseodh sí ráiteas eile as seo go ceann cúpla lá nuair a bheadh comhairle dhlí faighte aici.

Dhearbhaigh sí freisin go raibh rún aici seasamh mar iarrthóir neamhspleách i nDún Laoghaire sna toghcháin áitiúla an mhí seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ