skip to main content

'Ceisteanna móra ag baint le hOspidéal Ollscoile Luimnigh' – Taoiseach

'47 dochtúir atá ag obair in Ospidéal Ollscoile Luimnigh anois le hais 26 tamall gairid ó shin'
'47 dochtúir atá ag obair in Ospidéal Ollscoile Luimnigh anois le hais 26 tamall gairid ó shin'

Dúirt an Taoiseach Simon Harris i nDáil Éireann inniu go bhfuil "ceisteanna móra" ag baint leis an gcaoi a bhfuil Ospidéal Ollscoile Luimnigh á riar, go háirithe ó tá níos mó dochtúirí agus altraí ag obair ann faoi láthair ná mar bhí riamh.

Tá 47 dochtúir ag obair san ospidéal anois le hais 26 tamall gearr ó shin agus earcaíodh tuilleadh altraí le gairid freisin, arsa an Taoiseach.

Ní mór a chur san áireamh chomh maith, arsa sé, nár bhain an cosc ar earcaíocht sa tseirbhís sláinte trí chéile, nár bhain sé le rannóga éigeandála na n-ospidéal.

Ina cheann sin, a dúirt sé, beidh bloc nua á oscailt san ospidéal an bhliain seo chugainn a mbeidh 71 leaba bhreise ann.

Ag tabhairt freagra a bhí Simon Harris ar mholadh ón Teachta Dála Róisín Shortall ó na Daonlathaithe Sóisialta go gceannódh an Stát an suíomh a mbíodh Ospidéal Barrington air i gcathair Luimnigh. Tá an suíomh ar díol ar €12.5 milliún faoi láthair.

Mhaígh Róisín Shortall gur in Ospidéal Ollscoile Luimnigh thar aon ospidéal eile sa tír a bhíonn an líon is mó othar ar thralaithe [de réir na bhfigiúirí míosúla].

Thug sí le fios go raibh a dhá oiread othar ar thralaithe in Ospidéal Ollscoile Luimnigh an mhí seo caite ná mar bhí in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh – an dara hospidéal is measa, dar léi.

Dúirt sí go raibh sé admhaithe ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly go raibh an t-ospidéal á thrangláil ag othair agus fagann sé sin, arsa sí, nach bhfuil an áit sábháilte.

Dúirt an Taoiseach léi go mbreathnódh sé ar shuíomh Ospidéal Barrington agus go dtabharfadh sé freagra uirthi in am trátha.

An tseachtain seo caite, dúirt Cróinéir Luimnigh John McNamara go raibh lochtanna móra córasacha in Ospidéal Ollscoile Luimnigh nuair a bhásaigh an déagóir Aoife Johnston ann in 2022 agus thug sé le fios go raibh imní air go raibh lochtanna ann i gcónaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ