Tá iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta a bhí ag cur fúthu i bpubaill bheaga i lár Bhaile Átha Cliath aistrithe go dtí ionad faoi dhíon in Iarthar na Cathrach agus go dtí pubaill shainchóirithe ar shuíomh i gCnoc Slinne in iardheisceart an chontae.
Bhí foschampa bunaithe ag na hiarrthóirí tearmainn taobh amuigh den Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta ar Shráid an Mhóta Íochtarach ach ní raibh saoráidí dá laghad acu ann.
Bhí na coinníollacha maireachtála sa champa ag dul chun donachta an t-am ar fad agus bhí gach cineál salachair á charnadh san áit.
Ar an gcosán os comhair an fhoirgnimh, thart timpeall air agus taobh thiar de a bhí na pubaill curtha suas ag na dídeanaithe.
Ar maidin inniu, chuir oibrithe na pubaill as an mbealach, glanadh an tsráid agus tugadh na dídeanaithe ar bhusanna go dtí na hionaid chónaithe in Iarthar na Cathrach agus i gCnoc Slinne.
Ina cheann sin, cuireadh fál sealadach agus mullaird phlaisteacha suas ionas nach féidir campa a bhunú ann arís.
An Roinn Lánpháirtíochta, an Roinn Dlí agus Cirt, an Garda Síochána, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Oifig na nOibreacha Poilbí agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, is iad na gníomhaireachtaí éagsúla sin a bhí freagrach as na codanna éagsúla den obair.
Rinne na húdaráis iarracht cheana iarrthóirí tearmainn a bhogadh ó Shráid an Mhóta.
Tugadh 150 acu go dtí an suíomh i gCnoc Slinne i mí an Mhárta ach d'fhill cuid acu ar an gcampa ar Shráid an Mhóta an lá céanna.
In ainneoin gach saoráid a bheith ar fáil ann, dúirt siad go raibh Cnoc Slinne ró-iargúlta.
Dhearbhaigh an tAire Lánpháirtíochta Roderic O'Gorman inniu freisin go bhfuil iarrthóirí tearmainn ina gcónaí anois i Lóiste na hAbhann, nó Teach Trodair, i mBaile an Chinnéidigh i gCo Chill Mhantáin.
Tharla scliúchais taobh amuigh den ionad sin le linn agóid a bhí ann an tseachtain seo caite.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ