Maraíodh fear naoi mbliana déag agus cailín seacht mbliana déag i dtimpiste bóthair a bhí i gCo Thír Eoghain aréir.
Is ar Bhóthar Dhúdhoire sa Táite Caol ó dheas ón Ómaigh a tharla an timpiste. Cuid de phríomhbhóthar an A5 is ea Bóthar Dhúdhoire.
Deir na póilíní gur maraíodh an bheirt – Jamie Moore agus Kamile Vaicikonyte – nuair a d'imigh an gluaisteán ina raibh siad den bhóthar ag thart ar 9.50 aréir.
Garda slándala in ollmhargadh Asda san Ómaigh ab ea Jamie Moore.
Bhí Kamile Vaicikonyte ina cónaí lena muintir in Achadh na Cloiche agus bhí sí sa séú bliain i gColáiste Chiaráin i mBaile Uí Dhálaigh.
Dúirt príomhoide na scoile Paul Lavery go raibh gach uile dhuine san áit suaite go mór ag an drochscéala.
Is é an A5 an príomhbhóthar idir Muineachán agus Dún na nGall agus tá sé ar cheann de na bóithre is gnóthaí agus is contúirtí in Éirinn.
Táthar ag éileamh le fada uasghrádú a dhéanamh ar an mbóthar agus i mí Feabhra seo caite gheall Rialtas na hÉireann €600 milliún a chur ar fáil lena aghaidh sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ