skip to main content

Fear os comhair cúirte faoi ionsaí a dhéanamh ar bhean in ionad altranais

Peter Keaney atá cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar bhean in ionad altranais
Peter Keaney atá cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar bhean in ionad altranais

Tugadh fear os comhair cúirte inniu agus é cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar bhean aosta in ionad altranais i gCo na hIarmhí arú aréir.

Sin é Peter Keaney, 54 bliain d'aois, as Fearann na Manach, Baile Átha Luain, a bhfuil sé curtha ina leith gur ionsaigh sé an bhean in Ionad Altranais Sonas ar Bhóthar Bhaile Uí Mhatháin i mBaile Átha Luain agus go ndearna sé díobháil di.

I gCúirt Dúiche Bhaile Átha Luain inniu, tugadh le fios nach raibh iarratas ar bhannaí á dhéanamh ag an gcúisí faoi láthair agus d'iarr na Gardaí é a chur siar faoi choinneáil.

D'iarr aturnae Peter Keaney go ndéanfaí measúnú síciatrach ar a chliant.

Cheadaigh an Breitheamh Bernadette Owens an t-iarratas sin agus chuir sí an cúisí siar faoi choineáil go ceann seachtaine.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ