skip to main content

Feidhm ó inniu le dlíthe nua maidir leis an gcoimhlint ó thuaidh

Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris
Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris

Tá sé ráite ag an eagraíocht cearta daonna Amnesty International gur sárú iomlán ceartais atá i reachtaíocht Rialtas na Breataine maidir le lorg na coimhlinte ó thuaidh ar tháinig feidhm leis inniu.

De réir na reachtaíochta, caithfear deireadh a chur anois le 35 ionchoisne a bhfuil os cionn 70 marú á bhfiosrú acu.

Maíonn Amnnesty International gur brat a chur ar an bhfírinne is bun leis an reachtaíocht agus go gcuirfidh sé leis an gcrá croí atá gaolta daoine a maraíodh le linn na coimhlinte a iompar cheana féin.

Tá na dlíthe nua cáinte ag na gaolta, ag na páirtithe polaitíochta ó thuaidh agus ag Rialtas na hÉireann.

Deir cuid de na gaolta gur le fonn saighdiúirí in Arm na Breataine a chosaint atá an reachtaíocht tugtha isteach agus tá cás in aghaidh na ndlíthe nua tugtha ag Rialtas na hÉireann sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Chomh maith le deireadh a chur le hionchoisní, ní féidir cásanna sibhialta a thionscnamh i dtaca le maruithe a rinneadh le linn na coimhlinte agus ní féidir an dlí a chur ar chiontóirí má chomhoibríonn siad le coimisiún nua 'athmhuintearais agus faisnéise'.

Mhaígh Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris inniu go mb'iontach an áis a bheas sa choimisiún nua le tuilleadh eolais a chur ar fáil do ghaolta na ndaoine a maraíodh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ