Léiríonn figiúirí nua atá curtha ar fáil ag an Roinn Dlí agus Cirt do Prime Time RTÉ nár chuir Éire ach 162 iarrthóir tearmainn idirnáisiúnta ar ais go dtí an Ríocht Aontaithe sna sé bliana idir 2015 agus 2020.
Léiríonn na figiúirí freisin gur chuir an Ríocht Aontaithe 154 iarrthóir tearmainn ar ais go hÉirinn i gcaitheamh an achair chéanna.
Is de réir rialúchán de chuid an Aontais Eorpaigh a raibh feidhm leis ag an am a rinneadh an malartú seo.
Tháinig cor sa scéal nuair a d'imigh an Bhreatain as an Aontas Eorpach in 2020 ach rinneadh socrú nua i ndeireadh na bliana sin le go leanfaí den mhalartú.
Níor chuir an tír seo aon iarrthóirí tearmainn ar ais go dtí an Ríocht Aontaithe ó shin, áfach.
Deir an Roinn Dlí agus Cirt nach rabhthas in ann an socrú nua a chur i bhfeidhm mar gur tugadh cás dlí ina aghaidh agus mar gheall ar na srianta a bhí ann le linn na paindéime Covid-19.
Mar leis an gcás dlí, rialaigh an an Ard-Chúirt ar an 22 Márta i mbliana nach bhféadfaí an Ríocht Aontaithe a aicmiú ina "tríú tír shábháilte" feasta i bhfianaise pholasaí nua Rialtas na Breataine iarrthóirí tearmainn áirithe a chur go Ruanda in oirthear na hAfraice.
Inné, chinn an Chomhaireacht an reachtaíocht ábhartha sa tír seo a leasú le go bhféadfaí iarrthóirí tearmainn a thagann isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann a chur ar ais go dtí an Ríocht Aontaithe. Áirítear Tuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee go raibh súil aici an leasú a chur i bhfeidhm "i gceann roinnt seachtainí" ach dealraíonn sé faoi láthair nach bhfuil fonn ar bith ag Rialtas na Breataine a gcion féin a dhéanamh.
Thug Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak le fios arú inné nach raibh suim aige teacht ar chomhaontú le Rialtas na hÉireann faoi iarrthóirí tearmainn a ghlacadh ar ais.
Dúirt sé nach raibh aon rún ag an mBreatain iarrthóirí tearmainn a ghlacadh ar ais ó Éirinn nuair nach nglacann an Fhrainc iarrthóirí tearmainn ar ais ón mBreatain.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ