Tá sé ráite ag comhairleoir ón SDLP i nDoire – ar de bhunadh na Céinia í – gur mór an onóir di a bheith ainmnithe mar chéad mhéara eile na cathrach.
Is í Lilian Seenoi-Barr an chéad bhean dhubh riamh a hainmníodh mar mhéara údaráis áitiúil in Éirinn.
Insealbhófar í mar Mhéara Chomhairle Dúiche Chathair Dhoire agus an tSratha Báin ar an 3 Meitheamh.
Ag labhairt di ar RTÉ ar maidin inniu, dúirt Lilian Seenoi-Barr, atá 42 bliain d'aois, gur cuireadh fáilte mhór roimpi nuair tháinig sí féin agus a teaghlach go Doire in 2010 cé go mb'éigean di dul i ngleic le neart dúshlán ag an am.
Thug sí le fios go raibh an-mhuinín aici aisti féin riamh agus gurbh é ceannaire an SDLP Colum Eastwood a d'iarr uirthi dul isteach sa pháirtí.
Tá an chaoi ar roghnaigh an SDLP Lilian Seenoi-Barr mar mhéara cáinte ag daoine áirithe sa pháirtí, áfach.
Dar leis na daoine sin go raibh an próiseas "neamhdhaonlathach" agus d'éirigh an comhairleoir Jason Barr as an bpáirtí dá bhíthin.
Os a choinne sin, dúirt Lilian Seenoi-Barr gur roghnaíodh í de thoradh próiseas a bhí iontaofa agus tar éis do cheannasaíocht an pháirtí agallamh a chur ar thriúr iarrthóirí, í féin ina measc.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ