skip to main content

Buachaill ceithre bliana déag maraithe in ionsaí claímh i Londain

Láthair an ionsaithe, Thurlow Gardens, Hainault
Láthair an ionsaithe, Thurlow Gardens, Hainault

Bhásaigh buachaill ceithre bliana déag agus gortaíodh ceathrar eile tar éis d'fhear imeacht le craobhacha agus daoine a ionsaí le claíomh i gceantar Hainault in oirthuaisceart Londan ar maidin inniu.

Ghabh na póilíní fear 36 bliain, a deir siad, tar éis dóibh taser a scaoileadh leis.

Deir na póilíní freisin nach gcreideann siad go raibh aon bhaint ag sceimhlitheoireacht leis an ionsaí agus nach bhfuil siad sa tóir ar aon duine eile.

Cuireadh fios ar na póilíní tar éis d'fhear feithicil a thiomáint isteach i dteach in Hainault ag thart ar 7 a chlog ar maidin.

Is cosúil gur thosaigh an fear ag ionsaí daoine leis an gclaíomh go gairid ina dhiaidh sin.

Tá beirt phóilíní i measc an cheathrair a gortaíodh.

Deirtear gur gortuithe tromchúiseacha a bhain don bheirt ach nach bhfuil siad i mbaol báis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ