Tuairiscítear go bhfuil ceannasaíocht Hamas ag déanamh a marana ar an tairiscint atá déanta ag Rialtas Iosrael sos comhraic 40 lá a chur i bhfeidhm in Gaza mar mhalairt ar na scórtha gialla Iosraelacha a scaoileadh saor.
Cuireadh an tairiscint faoi bhráid ionadaithe ó Hamas i gCaireo inné agus tá siad lena phlé le ceannairí na heagraíochta i gCatar inniu.
Dúirt urlabhraí ó Hamas go raibh súil acu freagra a thabhairt ar an tairiscint a luaithe ab fhéidir.
Dar le Rúnaí Stáit Mheiriceá Antony Blinken go bhfuil tairiscint na nIosraelach "thar a bheith fial" agus d'iarr Rialtas Mheiriceá ar an Éigipt agus ar Chatar áitiú ar Hamas glacadh leis.
Tá sé tugtha le tuiscint ag na hIosraelaigh freisin go bhféadfaidís an t-ionradh atá beartaithe acu a dhéanamh ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza "a chur ar fionraí" dá nglacfadh Hamas lena dtairiscint.
Gabhann daonna is ea Rafah a bhfuil bró mhór teifeach dingthe isteach ann ó thús an chogaidh nach mór.
Deir na hIosraelaigh gurb ann atá a bhfuil fanta de bhriogáidí Hamas i bhfolach agus tá siad mionnaithe, a deir siad, an ruaig a chur orthu.
Tuairiscítear go bhfuil an líon daoine atá fórsaí Iosrael a mharú gach lá ar an meán in Rafah ag dul i laghad. Deirtear nár maraíodh "ach" 34 duine ó inné le hais 153 ar an 9 Aibreán, cuir i gcás.
Bhí sos comhraic seachtaine in Gaza i mí na Samhna seo caite, tráth a scaoileadh saor 80 giall Iosraelach agus 240 cime Palaistíneach.
Dúisíodh na hairm an athuair, áfach, agus is in olcas a chuaigh cás mhuintir Gaza ina dhiaidh sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ