skip to main content

Críonadh siar fuinseog: scéim chúitimh d'fheirmeoirí fógartha

Críonadh siar ar bhuinní fuinseoige
Críonadh siar ar bhuinní fuinseoige

Tá scéim chúitimh ar fiú beagnach €80 milliún é fógartha ag an Rialtas le teacht i gcabhair ar fheirmeoirí a bhfuil a gcuid fuinseog buailte ag an ngalar críonadh siar.

Thug an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue le fios go gcuideodh an scéim le tuairim is 6,000 feirmeoir agus go n-íocfaí €5,000 in aghaidh an heicteáir leo. Tá súil na híocaíochtaí a dhéanamh roimh dheireadh na bliana.

Anuraidh, dúirt an Roinn Talmhaíochta gur géarchéim náisiúnta a bhí sa ghalar críonadh siar a tháinig isteach sa tír dhá bhliain déag ó shin. Is é an phaitigin fhungasach Hymenoscyphus fraxineus is cúis leis an ngalar.

Dúirt coiste foraoiseachta Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann, áfach, gur dhona an mhaise don Rialtas gur thóg sé an fhad seo an scéim chúitimh a fhógairt. Dar leo nach bhfuil dóthain cúitimh ann d'fheirmeoirí a chaithfeas anois seanchoillte a ghlanadh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ