Tá cead tugtha ag an Rialtas don Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee reachtaíocht nua a dhréachtú maidir le hiarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta a thagann chun na tíre seo ón Ríocht Aontaithe. Pléadh an cheist ag cruinniú den Chomhaireacht inniu.
Deir an Rialtas go bhfuil níos mó inimirceach ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann le tamall mar go bhfuil faitíos orthu go ndíbreofar as an Ríocht Aontaithe iad agus go gcuirfear go Ruanda iad. Áirítear Tuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe.
De réir na reachtaíochta atá ar intinn ag an Aire McEntee, aicmeofar an Ríocht Aontaithe mar "thír shábháilte" a bhféadfar iarrthóirí tearmainn a chur ar ais ann.
Bhíodh an Ríocht Aontaithe ina "tír shábháilte" go dtí an mhí seo caite nuair a rialaigh an Ard-Chúirt gur tháinig an polasaí daoine a chur go Ruanda, gur tháinig sé salach ar an aicmiú sin.
Cuirfidh an reachtaíocht nua rialú sin na hArd-Chúirte ar neamhní agus beidh feidhm an athuair leis an gcomhaontú a bhí idir Éire agus an Bhreatain ó 2020 faoinar féadadh iarrthóirí tearmainn a tháinig i dtír sa Ríocht Aontaithe ar an gcéad ásc a chur ar ais ann.
Deir an tAire McEntee go bhfuil súil aici go gcuirfear an reachtaíocht nua i bhfeidhm "i gceann roinnt seachtainí" agus go dtosófar ar iarrthóirí tearmainn a chur ar ais go dtí an Ríocht Aontaithe gan mhoill.
An tseachtain seo caite, mhaígh Helen McEntee go raibh 80% d'iarrthóirí tearmainn a bhí ag teacht isteach sa Stát, go raibh siad ag teacht ó Thuaisceart Éireann.
Dúirt sí inniu gur sheas sí leis an bhfigiúr sin agus luaigh sí go háirithe an líon daoine ón Nigéir atá ag teacht isteach sa Stát.
Dúirt sí gur cuid de chóras inimirce atá "daingean ach cothrom" a bheas sa reachtaíocht nua.
Inné, áfach, thug Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak le fios nach raibh suim aige teacht ar chomhaontú le Rialtas na hÉireann faoi iarrthóirí tearmainn a thagann chun na tíre seo ón Ríocht Aontaithe a thógáil ar ais.
Dúirt sé nach raibh aon rún ag an mBreatain iarrthóirí tearmainn a thógáil ar ais ó Éirinn nuair nach dtógann an Fhrainc iarrthóirí tearmainn ar ais ón mBreatain.
I nDáil Éireann tráthnóna inniu, dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur mhór an gar do Pháirtí Caomhach na Breataine a bhí i gcur chuige an Rialtais. Mhaígh sí nach raibh aon duine sa Rialtas i gceannas ar an gceist.
Dúirt Mary Lou McDonald freisin go raibh daoine áirithe ag iarraidh easaontas agus fuath a chothú sa tír seo agus gurb in an fáth go raibh soiléire thar aon ní eile ag teastáil
Ba cheart go mbeadh córas inimirice an Stáit bunaithe ar chiall agus ar chearta daonna, arsa sí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ