Tá sé tugtha le fios ag Aire na Meán Catherine Martin go bhfuair sí trí thuarascáil maidir le RTÉ i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus gur mian léi iad a chur faoi bhráid na Comhaireachta agus gníomhú de réir a bhfuil molta i bpéire acu gan mhoill.
Baineann ceann de na tuarascálacha le cultúr agus rialachas in RTÉ, baineann ceann eile le cúrsaí acmhainní daonna agus foirne sa chraoltóir náisiúnta, agus is le cúrsaí cuntasaíochta a bhaineann an tríú ceann.
Is í Catherine Martin í féin a choimisiúnaigh an chéad dá thuarascáil agus dúirt sí inniu go bhfuil go leor iontu agus go bhfuil siad "an-chuimsitheach".
Thug sí le fios nár mhór di cúpla lá a chaitheamh ag cíoradh na dtuarascálacha in éindí lena cuid oifigeach agus ag déanamh a marana ar a bhfuil iontu.
Má ghlacann RTÉ leis na moltaí atá sa dá thuarascáil, arsa sí, bheadh súil aici cinneadh a dhéanamh maidir le maoiniú fadaimseartha na heagraíochta go luath ina dhiaidh sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ