Tá an dara fear óg as Carraig Uí Leighin i gCo Chorcaí ciontaithe i ndúnorgain fir 29 bliain d'aois a maraíodh in eastát tithíochta ar an mbaile sin bliain go leith ó shin.
Sa Phríomhchúirt Choiriúil inniu, ciontaíodh Ricardo Hoey, 21 bliain, i ndúnorgain Matt O'Neill a ndearnadh ionsaí brúidiúil air in Eastát Choill an Ghleanna i gCarraig Uí Leighin ar an 28 Nollaig 2022.
Fuair sé bás in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, aon lá dhéag ina dhiaidh sin.
Is i ndúnmharú a bhí Ricardo Hoey cúisithe ach tar éis dóibh beagnach naoi n-uaire an chloig déag ar fad a chaitheamh i mbun a machnaimh ar an gcás, fuair an giúiré ciontach é i ndúnorgain.
Déardaoin seo caite, ciontaíodh fear óg eile as as Carraig Uí Leighin, Jordan Deasy, atá naoi mbliana déag, i ndúnorgain Matt O'Neill chomh maith.
Dúradh sa triail go ndeachaigh Ricardo Hoey i láthair na nGardaí dá dheoin féin uair an chloig i ndiaidh an ionsaithe agus gur gabhadh Jordan Deasy in árasán i mBun an Tábhairne i gCo Chorcaí trí lá ina dhiaidh.
Gearrfar pionós ar an mbeirt chiontach ar an 16 Bealtaine, tráth a dhéanfas muintir O'Neill ráiteas tionchair íospartaigh sa chúirt.
Cuireadh an bheirt siar faoi choinneáil go dtí sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ