Bhí ardú 11% anuraidh ar an líon éileamh árachais ghluaisteán a bhain le tiománaithe nach raibh aon árachas acu nó nach rabhthas in ann teacht orthu i ndiaidh timpiste.
Dar le Biúró Árachóirí Mótar na hÉireann go raibh 1,927 éileamh den sórt sin ann in 2023 i gcomparáid le 1,740 in 2022.
Ba le Baile Átha Cliath a bhain 822 de na héilimh, sin 43% den iomlán.
As na 26 contae, d'ardaigh an líon éileamh i gceithre cinn déag acu.
Ba i gCo Mhaigh Eo a bhí an t-ardú ba mhó, mar a bhí, 80%. Ina dhiaidh sin, bhí ardú 55% i gCo na Mí.
Os a choinne sin, bhí ísliú ar an líon éileamh i naoi gcontae.
Ba i gCo Liatroma a bhí an t-ísliú ba mhó, mar a bhí, 55%,
Dúirt príomhfheidhmeannach Bhiúró Árachóirí Mótar na hÉireann David Fitzgerald gur chóir go mbeadh na figiúirí is deireanaí ina n-údar imní ag gach saoránach a thugann aird ar dhlí na tíre.
Ag labhairt dó ar RTÉ, mhaígh sé go raibh sé chomh maith a rá go raibh gach duine a thiomáineann gan árachas ag goid airgid ó thiománaithe eile.
Táthar ag cur idir €30 agus €35 le gach polasaí árachais de bharr mhí-iompar na dtiománaithe sin, arsa sé.
Thug David Fitzgerald le fios freisin go raibh thart ar 50 feithicil ar an meán á gcoigistiú ag na Gardaí gach lá agus gur léirigh na figiúirí ó 2022 go raibh 188,000 feithicil gan árachas ar bhóithre na tíre, an dara líon is mó san Aontas Eorpach.
Mar sin féin, dúirt sé go raibh sé sásta go raibh bunachar sonraí an Bhiúró á chur ar fáil do na Gardaí ó mhí na Samhna seo caite agus go bhfuil na Gardaí in ann a dheimhniú ar an bpointe an bhfuil árachas gluaisteáin ag tiománaí nó nach bhfuil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ