Tá sé ráite ag Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak nach bhfuil suim aige teacht ar chomhaontú le Rialtas na hÉireann faoi iarrthóirí tearmainn a thagann chun na tíre seo ón mBreatain a thógáil ar ais.
Ag labhairt dó le ITV News, dúirt Rishi Sunak nach raibh an Bhreatain chun iarrthóirí tearmainn a thógáil ar ais ó Éirinn nuair nach dtógann an Fhrainc iarrthóirí tearmainn ar ais ón mBreatain.
"Dar a shon is go ndéanfaimís é sin!", arsa sé.
Thug an Príomh-Aire le fios freisin nach raibh aon mhargáil ar bun idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach faoin gceist agus dúirt gur ag díriú ar iarrthóirí tearmainn a chur go Ruanda a bhí sé féin faoi láthair.
Dhearbhaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, go mbeadh cruinniú "uair éigin as seo go ceann roinnt seachtainí" ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee le Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine James Cleverly le ceist na n-iarrthóirí tearmainn a phlé.
Tá imní ar Rialtas na hÉireann go bhfuil níos mó inimirceach ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann le tamall mar go bhfuil faitíos orthu go ndíbreofar as an Ríocht Aontaithe iad agus go gcuirfear go Ruanda iad.
Bhí Helen McEntee agus James Cleverly leis an gconspóid a chriathrú inniu ach dúradh go raibh fear na Breataine gafa ag gnóthaí eile.
Táthar á thuairimiú, áfach, gur chuir Rialtas na Breataine an cruinniú ar athlá ar fhaitíos go gceapfaí go raibh siad sásta géilleadh do bhallstát an Aontais Eorpaigh ar cheist chomh cigilteach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ