Tuigtear go bhfuil Hamas le freagra a thabhairt inniu ar na moltaí is deireanai ó na hIosraelaigh maidir le sos comhraic in Gaza. Tá toscaireacht ó Hamas le dul chun na hÉigipte inniu leis an scéal a phlé tuilleadh le taidhleoirí idirnáisiúnta.
Tá idirghabhálaithe ón Éigipt, ó Chatar agus ó na Stáit Aontaithe ag féachaint le cur ina luí ar na hIosraelaigh agus ar Hamas teacht ar chomhaontú faoi shos comraic agus faoi na gialla Iosraelacha atáthar a choinneáil in Gaza a scaoileadh saor.
Is beag rath a bhí ar obair na dtaidhleoirí go dtí seo ach tá dóchas as an nua ann anois go mb'fhéidir go ndéanfaí dul chun cinn an tseachtain seo.
Go deimhin, thug urlabhraí ó Hamas le fios inné nach raibh dada sna moltaí is deireanaí nach mbeadh glacadh acu leis – chomh fada is nach gcuirfeadh na hIosraelaigh aon chonstaic nua sa bhealach ar chomhaontú, mar a dúirt sé.
Ina cheann sin, dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael go bhféadfadh na hIosraelaigh an t-ionradh atá beartaithe acu a dhéanamh ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza "a chur ar fionraí" dá dtiocfaí ar chomhaontú.
Tá Rúnaí Stáit Mheiriceá Antony Blinken san Araib Shádach inniu agus beidh sé in Iosrael agus san Iordáin níos deireanaí an tseachtain seo agus rún aige, a deirtear, áitiú ar na hIosraelaigh agus Hamas glacadh leis na moltaí úra.
Os a choinne sin ar fad, áfach, tá fórsaí Iosrael ag leanúint orthu ag buamáil Rafah. Tuairiscítear gur maraíodh 22 duine i ruathair aeir a rinne na hIosraelaigh ar an gcathair aréir.
Áirítear 34,000 Palaistíneach ar a laghad a bheith maraithe in Gaza ag fórsaí míleata Iosrael le beagnach seacht mí – ar leanaí iad 14,000 acu. Meastar, áfach, go bhfuil tuilleadh corp fós folaithe ag smionagar na bhfoirgneamh atá leagtha ag na hIosraelaigh.
Ar a mhuin sin, áirítear gur gortaíodh nach mór 80,000 duine eile i gcaitheamh an achair sin agus tá na milliúin eile i ngéarghátar de cheal riar a riachtanais.
Ní ligfear na figiúirí sin ar fad i ndearmad ach tá dóchas ann nach gcuirfear leo má thagtar ar chomhaontú an tseachtain seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ