skip to main content

'Níos mó imirceach ag teacht isteach sa Stát ón Tuaisceart' – Tánaiste

Imiricigh ag trasnú Mhuir nIocht ón bhFrainc
Imiricigh ag trasnú Mhuir nIocht ón bhFrainc

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, gur léir go bhfuil níos mó inimirceach ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann le tamall mar go bhfuil faitíos orthu go ndíbreofar as an Ríocht Aontaithe iad.

Ritheadh reachtaíocht sa Bhreatain an tseachtain seo faoinar féidir iarrthóirí tearmainn a dhíbirt as an tír agus a gcur go Ruanda in oirthear na hAfraice, cé nach bhfuil aon seans ann go gcuirfear an polasaí nua i bhfeidhm go ceann cúpla mí eile ar a thúisce.

Is é is aidhm don pholasaí imircigh a chur ó theacht chun na Breataine i mbáid bheaga ón bhFrainc.

Dar leis an Tánaiste go bhfuil cuid de na himircigh a thagann i dtír i ndeisceart Shasana ón bhFrainc, go bhfuil siad tosaithe ag tabhairt aghaidh ar Thuaisceart Éireann agus ag teacht isteach sa Phoblacht ina dhiaidh sin mar go bhfuil an reachtaíocht nua sa Bhreatain tar éis scéin a chur iontu.

In ainneoin a ndúirt Micheál Martin, thug urlabhraí ó Rialtas na Breataine le fios go bhfuil sé róluath le rá cén toradh a bheas ar an reachtaíocht nua.

Níos túisce an tseachtain seo, dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee go raibh ardú os cionn 80% tagtha ar an líon imirceach a bhí ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann.

Inné, dúirt an Taoiseach Simon Harris go gcreideann sé go gcaithfear reachtaíocht nua a thabhairt isteach maidir le daoine a lorgaíonn tearmann sa tír seo ar tugadh tearmann dóibh sa Ríocht Aontaithe cheana.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ