Tugadh ceathrar os comhair Chúirt Dúiche Bhré inniu maidir leis na scliúchais a bhí i mBaile an Chinnéidigh i gCo Chill Mhantáin aréir.
Cionta éagsúla a bhaineann leis an ord poiblí atá curtha i leith an cheathrair – triúr fear agus agus bean.
Sin iad Michael Synott agus Shane Synott as Páirc an tSéasúir, Baile an Chinnéidigh; Ben McNulty as Ascaill Ros Mór, Baile an Chinnéidigh; agus Sharon McCann as Céide Radharc an tSléibhe, Baile an Chinnéidigh.
Idir naoi mbliana déag agus 56 bliain atá an ceathrar.
Dúirt an Ceannfort Niall Kennedy sa chúirt inniu nach ndúirt aon duine den cheathrar aon ní nuair a cúisíodh iad sna cionta.
Thug sé fios freisin go mb'fhéidir go gcuirfí tuilleadh cionta ina leith amach anseo.
Ceadaíodh bannaí don cheathrar faoi réir roinnt coinníollacha.
D'ordaigh an Breitheamh Nicola Andrews dóibh fanacht sa bhaile idir 8 a chlog tráthnóna agus 8 a chlog ar maidin, fanacht amach ón áit a raibh na sliúchais aréir agus gan páirt a ghlacadh in aon agóid i gceantar Baile an Chinnéidigh.
Tá an ceathrar le teacht os comhair na cúirte arís ar an 9 Bealtaine.
Dhearbhaigh na Gardaí gur seisear ar fad a gabhadh maidir leis na scliúchais a bhí i mBaile an Chinnéidigh aréir.
Thug siad le fios go bhfuil an cúigiú duine cúisithe acu agus go bhfuil sé le teacht os comhair na cúirte amach anseo.
Dúirt siad chomh maith gur ógánach a bhí sa séú duine agus gur scaoileadh saor é gan aon chúis a chur ina leith. Tá sé le páirt a ghlacadh i dTionscadal Athstiúrtha don Óige an Gharda Síochána, áfach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ