skip to main content

Arm Mheiriceá tosaithe ar ché nua a thógáil amach ó chósta Gaza

Sciob sceab ar uisce in Deir al-Balah i lár Gaza, 25 Aibreán 2024
Sciob sceab ar uisce in Deir al-Balah i lár Gaza, 25 Aibreán 2024

Tá Arm na Stát Aontaithe tosaithe ar ché shealadach a thógáil amach ó chósta Gaza le súil níos mó soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach sa limistéar níos tráthúla.

D'fhógair Uachtaran na Stát Aontaithe Joe Biden an plean an mhí seo caite agus meastar go mbeidh an ché agus cabhsa nua ag a bun tógtha agus ag feidhmiú i gceann roinnt seachtainí.

De réir an phlean, beidh sé d'acmhainn ag an gcé nua glacadh le 90 leoraí sa lá sa chéad chúpla seachtain agus 150 leoraí sa lá ina dhiaidh sin.

Ní léir fós, áfach, cén toradh a bheas ar an mbealach nua ó beidh an bóthar ag bun na cé faoi smacht na nIosraelach agus rún acu pé lón a thagann i dtír ann a scrúdú. É sin ainneoin go mbeidh an lón céanna scrúdaithe ag oifigigh Iosraelacha sa Chipir roimhe sin.

Tá gach bealach eile isteach in Gaza faoi smacht na nIosraelach freisin.

Dé Máirt seo caite, agus é ar cuairt chuig trasbhealach Rafah ar an teorainn idir an Éigipt agus Gaza, chuir an Tánaiste Micheál Martin i leith na nIosraelach go raibh siad ag déanamh ciotaí do d'oibrithe fóirithinte ann le teann suarachais.

Maíonn na hIosraelaigh, áfach, go gcaithfidh siad a chinntiú nach bhfuil dada i measc na soláthairtí fóirithinte a bhfeadfadh Hamas feidhm mhíleata a bhaint as.

Tá imní ar eagraíochtaí fóirithinte freisin nach ligfear isteach tríd an gcé nua ach díol dreoilín nuair is iad na milliúin atá i ngátar.

Creideann roinnt díobh ar aon nós gur polasaí seachantach agus neamhéifeachtúil atá ann.

B'fhearr i bhfad, dar leo, suíomh ar na hIosraelaigh na bóithre isteach in Gaza a oscailt arís agus ligean do leoraithe lán le soláthairtí dul isteach ann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ