Tugadh beirt fhear os comhair cúirte i mBaile Átha Cliath inniu agus iad cúisithe i bhfear de bhunadh na Cróite a dhúnmharú.
Ionsaíodh Josip Štrok, a bhí 31 bliain d'aois, i gCluain Dolcáin in iarthar Bhaile Átha Cliath ar an 30 Márta agus bhásaigh sé san ospidéal ar an 3 Aibreán.
Is iad an bheirt atá cúisithe ina dhúnmharú Connor Rafferty, naoi mbliana déag, as Clós Chaisleán na Gráinsí i gCluain Dolcáin, agus Anthony Delappe, ocht mbliana déag, as Ascaill Mhaolrosa i gCluain Dolcáin.
Tugadh fogha faoi Josip Štrok agus faoi chara leis David Družinec, atá 28 bliain, taobh amuigh de theach i mBealach Radharc na Gráinsí i gCluain Dolcáin go gairid tar éis 10 a chlog oíche Shathairn an 30 Márta. Gortaíodh Josip Štrok go dona sa cheann mar gheall ar an ionsaí ach tháinig David Družinec tríd.
Chomh maith le dúnmharu, tá Connor Rafferty agus Anthony Delappe cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar David Družinec agus i ndíobháil a dhéanamh dó.
Gabhadh an bheirt inné agus bhí siad á gceistiú i Stáisiún Ghardaí Bhaile Formaid, áit ar cúisíodh iad sna cionta aréir.
Gabhadh an tríú duine inné chomh maith ach scaoileadh saor é ó shin. Tá na Gardaí ag fanacht le treoir ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí maidir lena chás siúd.
I gCúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir inniu, dúradh nach ndúirt Connor Rafferty agus Anthony Delappe dada nuair a cúisíodh iad aréir.
Níl sé tugtha le fios ag ceachtar den bheirt fós cé acu ciontach nó neamhchiontach a phléadálfas siad.
Cuireadh an bheirt siar faoi choinneáil agus tabharfar iad os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar Déardaoin seo chugainn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ